Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

sneachta trom air.

An Chánóg:
Nuair a sgréachann sí seo isdoidhche bíonn bogar is ceó air.
An Cleagar:
Nuair a bhíonn siad seo ag bogad amach mór thimcheall an adharta ag screadaig agus ag léimrig , bíonn báisteach ortha.
Treamplán:
Nuair a bhuaileann tramplann ar an mbóthar le páisdí beaga tógann in a láimha é, deirid "A treampláin , a treampláin, an mbeidh an lá amáireach breágh agus iompuig do bholg ánáirde".
Dá ndéanfhadh bheadh an lá breágh.
Meala cora:
Báisteach.
An Rón:
Sé an cómhartha an rón seo nuair a bhíonn sé na stop ar nós buidéal ar bhárr an uisge , bíonn droch aimsir mhillteach air.
An (?) (ainmhidhe farraige):
Éirigheann sí seo na cnap chodhalta ar bhárr an uisge. Dá

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Seán Ó Catháin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Tomás Ó Ceárn
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge