Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 007
- XML “Bean Leighis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhuail sí uirthi agus an buidéal aici. Bhuail sí Mám na Ceathraman amach chun chómhghair mar bhí an siúbal ró fhada air an andhiseóir bocht. Nuair a leag léi leastuaidh síos, ón mbán, i dtreó Pharróiste an Feirtéirig, do shleamhnaig sí agus thuit sí. Do briseadh an buidéal. Bhí an sgéal go h-olc annsan aici. B'éigin dí iompú aríst. Thug an bhean buidéal eile di.
"Ní haon mhait é seo leis a thabhairt duit mar imtheochaidh an dálta ceadna ort" arsa Máire. "Dá mbeadh neart agamsa a innsint duit connus imhtheacht i gceart ní brisfí chuighe é acht dá ninnseóchainn é ní bheadh aon mhaith san bhuidéal".
Bhuail sí uirthi aríst. Níor bhach sí an cómhgar agus thug sí an buidéal abhaile slán. Bhí sé ólta aige i gcionn naoí lá agus bhí sé chómh maith agus a bhí sé riamh. Dá mbeadh sí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)