Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Bean Leighis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bean Leighis.
    Tá bean annso sí sin Máire Ní Cinéide. Bhí sí na comhnuidhe air bhárr na faille i nDúnchaoin. Bhí sé ráidhte go raibh fios aici agus bhí leis. Théigheadh sí ag baint luibheanna agus dhéineadh sí plástar agus leighis dóibh. Do rángaig go raibh fear breáidhthe i bparróiste Múrach le galar éigin nár bh'fhéidir a leigheas.Do chualaidh a bhean trácht air bhean an leighis.
    Bhuail sí uirthi a seál agus bhuail siar ag triall uirthi. Nuair a shrois sí Dúnchaoin d'innis sí a scéal dí mar gheall air a fear agus air an ngalar a bhí air. "Seadh" arsa Máire bean an leighis- "tá fios agamsa cad atá air an mbuachaill sin. Seo buideal anois duit. Má shroiseann leat é a thabhairt i gceart leat agus gabháil i gceart leis déanfaidh sé é do leigheas."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge