Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 346
- XML “A Neilí Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug grádh croidhe dod' gheal píp in uaigneas,
Is do bheartuigheas go luath ort mar mhnaoi,
Marcuigheacht ar m'each buidhe seadh a fuair sí,
Cómh fada síos le Cluain Meala an Ghrinn.D'eirígheas im sheasamh do'n stiúir sin
Is do chuadhas san iallait deas donn,
Is in aimhdheóin a maireann dá gaolta
Do raghainn-se do léim ar a drom.
Mar ba mhinic me i gcogadh na bpiléar léi,
Is me stropálta im' léine i mbun cúil,
In arm rí Shasana ní ghéillfhinn,
Go sínfear go daor mé san úir.Do shiubhluigheas cúig cúigí na h-Éireann
Is talamh an éisc ar dtúis,
As san go Sasana an Bhearla,
A's gach Oileán d'á mb'fhéidir liom a siúbhal.
Mo chuid fola 'á dortadh 'na braonaibh,
Is fortún an tsaoghail ós mo chionn;
Ach anois ó táim gabhtha ní féidir
Go leigfí me a dhaoradh gan chúis.Tá scéal deas ag gabhail leis seo, agus beidh sé ins an gcéad leabhar eile - an chéad scéal ann.- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Seágdha
- Inscne
- Fireann