Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “An Goirtín Eornan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is buachaillín fíor óg me, go bhfóiridh orainn rí na nGrást
    Thug searc do chailín óg deas i dtig an ósda le cómhrádh geárr,
    Ní raibh caidhp uirthe ná clóca ná búclaí buidhe deanta as phrás,
    Ach téip i gcluais a bróigín 'sí mo stór í go bhfaighid me bás.
    2
    Ach ní dod' ghoirtín eórnan a stóirín a thug me grádh,
    Ná dod' chúpla cóifhrín do'n ór buidhe dá mbeidís lán;
    Dod' chapaill ná dod' bhólacht go deó deó ní chuirfhinn trácht,
    Ach blas dod' chúpla póigín is dóigh liom gur b'iad ab' fheárr.
    3.
    Is mórdha duit-se a éinín ag léimrig ó crann go crann,
    Dá neosfainn brigh mo scéil duit do b'féidir go ndeanfá rún
    Beir litir uaim fé shéala go dtí cúil craobhaig na bhfoltaibh bhfionn
    Go bhfuil mo chroidhe d'á céasadh is nach féidir liom codhladh ciúin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Ceárna
    Inscne
    Fireann