Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “A Chití nach Náireach an Scéal duit”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go raghainn 'on uaigh,
    Ó fágadh chómh dealbh sa tsaoghal me is mo charaid go léir faoi fhód
    A Dhia go dtugair chúghat féin [me] ó thugais mo chéad searc uaim.
    Raghadsa is mo Chittí ag Bháilcéireacht amach fés na sléibhte cuain,
    Nú in Oileáinín mhara linn féinig, mar a dtagann na héin chun suain;
    Bheinnse annsúd d'á h-aodhaireacht is na gaobhar ní leigfhinn aon fhuacht
    Do thabharfhainn-se sealad d'á bréagadh is do chuirfhinn mo laogh chun suain.
    Ach ceannóchad-sa bheist agus bríste a sheasóchaidh le saoghal na bhfear
    Mo fheasóig ní bhéarrfaidh me choidhche nó go bhfásfaidh sí síos ar fad;
    Fágfaidh me ag sileadh liom síos í fé mar a bheadh ollan ar chaora ghlas
    Is mar a bhfaighidh me bean ins an dtír seo rachaidh me síos ar fad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig T. Ó Ceárna
    Inscne
    Fireann