Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Ag Gabháil tré Bhaile Átha Cliath dom”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag gabháil tré Bhleá Cliath dom, go dian mhoch ar maidin,
    Do casadh cailín óg orm, go raibh scáil an rósaí na leacain
    "Dia duit-se a óig fhir; cé gcomhnuigheann tú a mharcaigh?"
    "Ar an dtuaith atá mo lóisdín, tá mo ghnó tríd an gcatha[?]
    (nó: táim im chomhnuidhe ann le sealadh)
    "Aithris scéal nua dom ó's tú is déannaighe d'fhág an baile.
    An maireann do chéile nó an raibh sí riamh agat? "
    "D'fhágas imdheoidh í go tinn diacrach sa bhaile
    Is mise go dubhach cráidhte ag lorg leighis dí ná fachtar."
    "Éist, éist a óig-fhir, cá bhfios duit ná go bhfuil sí marbh
    Is go bhfaighimís araon le chéile go deó deó 'n fhaid, mhairfhear
    Tá airgead im' phócaí is ór buidhe le scaipeadh,
    Is mé féinig mar shonóchar ar cóiriú do leabthad."
    "Éist, éist a óig-bhean, táim breoidhte, tinn, caithte;
    Tá mo mhuirear ró óg is ní cóir iad a scaipeadh,
    Má tá do spré nua agat, is mór stoc ar talamh
    Gheóbhair do rogha céile a bheidh taobh leat sa leabaidh.
    A rúin ghil is a ciallaig téanaim siar liom go dtím' bhaile.
    Is tabharfhad duit sluagh ceanfhear breágh ciallmhar dán d'anam
    Is breágh deas iad do shúile is do chúilín buidhe casda,
    Is máighistir breágh prionnsa do lúbfhadh sé maide.
    Thabharfhainn duit féirín d'á mb'féidir tú a mhealladh
    Handkerchief craorach go mbeadh taobh air chun caithte,
    Cnaipí airgid id' léintín dóitín aon mhac rí dá maireann,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Ceárna
    Inscne
    Baineann