Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 326
- XML “Ceo Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceó DraoidheachtaCeó draoidheachta sheól oidhche chun fáin me,
Cois ghrinn-ghlais na Blárnan ó thuaidh;
A's ar sluidhe dom cois crainn go raibh bláth air
Is lem' thaoibh gur tháinig sí suas.
An righ-bhean ba mhíne is ba bhreaghtha
A shíolraigh ó Ádam anuas. An fíor gur tú Íne ná Áine
Ná an tsidhe bhean ó'n Mám Chnoc adtuaidh;
Nó an fhaoilean gur thug Naoise thar sáile,
Go raibh na ríghthe ar árdaidh go buan. Ní fíor gur mé Íne ná Áine
Ná an tsidhe bhean ón Mám Chnoc adthuaidh,
Ní an fhaoilean a thug Naoise thar sáile
Go raibh na ríghthe ar árdaibh go buan. Is a shéimhfhir bhréag mhardha na mín-tais,
Téanam ort síos go tig Róin,
Mar a bhfuil chéibh bruinneall maordha fé dhraoidheacht ann,
Fé Ré bhrataibh síoda agus sróil. Beidh pléasúr gach laé i gainn le hinnsint,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann