Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mná d'á gcrúdhadh agus na gamhna 'cu d'á dtógaint,
Bhuachaill mear eadtrom a chasfhadh iad tar teórainn
Ná loingeas ar farraige, is ná feadar-sa cá ngeobhaidh sí.
—Aillilliú.Níor b'feárr liomsa buarach a bheadh orm ná an bhualtach;
Níor b'feárr liomsa crios a bheadh orm ná an bhuarach;
Ceólta sídhe na cruinne bheith d'á síor chur im' chluasa,
Ba bhinne liom géimneach mo bhuaibh ag teacht chun buaille.
—AillilliúInghean d'aodhaire 'seadh mé féineach gan amhras
A bhíodh 'na chómhnuí thiar cois Leamhna,
I mbotháinín íseal, doras ar a cheann air,
Fuinneóg ar a thaobh is me ag aodhaireacht mo ghamhna.
—Aillilliú.Máirnéalach loinge a thóg leis mar chéile inghean d'aodhaire bó – agus sin í an chainnt a bhí eatortha.- Faisnéiseoir
- Eibhlis Bean Uí Ceárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60