Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Aillilliú na Gamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Eibhlis Bean Uí Ceárna a fuaireas é seo. Tá timcheall timcheall trí fichid agus ó'n' a máthair a chuala sí é.
    --
    Tráthnóinín beag aoibhinn is me suidhte san mbuaille,
    Cé casfaí sa tslighe chúgham ach strapaire duine uasail,
    D'iarr sé go bpósfainn é, d'iarr sé go cruaidh é,
    (nó: Bheir sé ar láimh orm is d'fáisc sé go cruaidh í)
    Ag thóg sé leis sall me ar bórd luinge móire.
    2.
    Tógaidh uaim an té seo, ní réidhtigheann sí liúmsa, (nó: leamsa)
    Fachtar bainne géar dom is fíor bhraon do'n leamhnacht,
    Sé do chleachtuigheas féineach, gach maidean laé Samhraidh,
    Mo chilléirí fairsing gléigeal, d'á riaradh ar mo ghamhna.
    Aillilliú na gamhna, na gamhna bána,
    Aillilliú na gamhna, na gamhna b'iad a b'feárr liom
    Ghabhaidís siar a's aniar cois calaidh,
    Is níor b'feárr leó tráighte é, ná lán suas go barra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlis Bean Uí Ceárna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60