Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ceann tinn nó odhar - Oidhneán a bheirbhiú agus an t-odhar a nígheadh leis an uisce a bheadh ' na dhiaidh.
    Loscóidí - (i) Slándas beirbhighthe agus salann a chur a chur mar phlástra leó
    (ii) An 7adh mac
    (iii) Ceirí a dheineadh sean-mhná mar bheirbhíghdís galúnach, siúicre, gráinne plúir agus braon bainne i dteannta a chéile agus bhíodh ana-shúghadh braoin ag baint leis. Plástara galúnaighe a thugtaí air.
    Teine Dhia - T'ainm a scríobhadh le dubhadh (ink) timcheall ar an bpaiste tinn.
    Dóghadh talmhan - (Galar a bhíodh an-mhinic ar leanbhaí toisc iad a bheith cos-nochtuighthe) Seilmide brúighte idir phlaosc agus eile a chur mar ceirí leis an áit tinn.
    Dathacha - An paiste tinn a chlogadh le neanntóg. Plástra clogtha a tugtaí air. Tá luibh eile leis ann (Ní heól a hainm dom fós) í seo a bheirbhiú agus an t-uisce a ól - ana leigheas iseadh é.
    Tinneas fiacaile - (i) Trí scréach a bhaint as fhrog idir na fiacla.
    (ii) Do theanga a chuimilt do airc luachra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge