Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Galair a bhíonn ar dhaoine agus a leigheas ó'n sean-saoghal.
    Ní bhíodh aon ghalar ar ár sinnsear ná go mbíodh luibh éicin ag fás tríd an dtalamh aníos chun a leighiste. Muna mbíodh luibh acu bíodh piseóg nú artha acu nú bhíodh ar an othar rud éicin a orduightí do a dheanamh.
    Seo cuid do's na galair agus a leigheas.
    Súile tinne--Craobhodhar. Fáinne óir a chuimilt dos na súile ar feadh naoi maidine agus an t-othar ar céalacan---nó giní oir.
    "Súile dearga agus éad dá ghalar nár leighiseadh riamh"-- adeir an sean-fhocal.
    Scamall ar an radharc-- Deatach pípe a scaoileadh siar tríd chois na pípe isteach ins an súil.
    Smál nó brus a raghadh isteach fé'n súil-- An fabhra thios a chur ar an bhfabhra thuas agus a rádh --
    "Tá rud fem' shúil,
    Dia ó's mo chionn,
    Muire Mháthair ar a dhá gluin,
    Go mbainidh sibh ar rud óm' shúil".
    Uisce ar na súile-- Té dubh shearbh agus na súile a nigheadh ann ar feadh seacht maideanacha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge