Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “An Draighneán Donn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nár thug beagán tuisgeana duit i dtúis do shaoghail,
    Is moch ar maidin do chuirfhinn chúghat brígh mo scéil
    Beir mo bheannacht leat, nó go gcasfar ort in uaigneas mé.
    IV
    A Mhuire dhílis ceard a dhéanfhad má imthígheann tú uaim,
    Ní'l eolas chun do thíghe agam, do theaghlach ná do chlúid,
    Tá mo mháthair ar leabaidh sínte is m'athair san iúbhair,
    Tá mo mhuinntir go léir in earraid liom a's mo ghrádh i bhfad uaim.
    V
    Má's ag imtheacht duit a mhúirnín go bhfillidh tú slán,
    Mar is dearbhtha gur mhairbh tú an croidhe im' lár,
    Níl airgead agam go leanfhainn tú, fiacha luing ná bád,
    Tá an fharraige na tuillte eadrainn is ní heól dom snámh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig 'ac t Sithig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na hAbha, Co. Chiarraí