Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tómhaiseanna.
    Máighread Ni Cearna , scoláire scoile a bhailig dom iad.
    Chuadhas 'on tráigh. Fuaireas faid mo mhéire do'n adhmad bán. Dheineas long, dheineas bád, is d'fhan an chuid eile do'n adhmad slán.----Cúbhrán ban.

    Píobaire agus a bhean, peidléir a's a mháthair, agus ní raibh ann ach triúr. Connus san----- Mac do'n bpíobaire an peidléir.

    Bhí triúr driothár ag gabháil thar roilig,
    "Raghad isteach ag rádh paidear do mhac mo dhriothár" arsa an chéad fhear
    "Déanfhad-sa an rud ceadna"ars an dara fear
    "Ó! Ní gádh dhomsa dul isteach in aonchor. Níl a leithéid sin do dhuine ann liom " ars an tríomhadh fear. An raibh an ceart aige ?
    ---B'é mac an tríomhadh fir a bhí caillte. Ni raibh aon mhac dritheár aige gan dabht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Cheárna
    Inscne
    Baineann