Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “An Turnae agus Capall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Túrnaé agus an Capall.
    Bhí fear bocht ann uair agus bhí an saoghal ag dul chun mí-áidh agus chun clampair do. Sa deire ghoid sé capall ó dhuine saidhbhir a bhí san áit. Chuir an fear saidhbhir na saighdiúirí ar a thóir, agus beireadh air, agus caitheadh isteach i bpríosún é. Daoradh chun a chrochta é.
    Bhí túrnaé ag dul gach lá chun an phríosúin. Cheistig an turnaé an fear so aon lá amháin agus d'fiafhruig sé do cad a dhein sé as an slighe. D'eachtraig an fear bocht a scéal brónach saoghalta dó, agus d'innis sé do gur ghoid sé capall ó fhear saidhbhir, mar ná raibh faic aige féin. "O is truagh san" ars an túrnaé. "Ach feach an chéad uair eile a bheidh cúirt ort abair ó's cómhair na cúirte gur mise an fear gur cheannuighis an capall uaidh, agus tiocfhad-sa leat san méid sin."
    "Ach cá bhfuil an capall anois ?" ars an túrnaé. "Tá sí i ngort leis an duine uasal" an freagra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Cheárna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60