Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 265
- XML “Morainn na Foighne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí Morainn cheithre mbliadhna déag do tháinig a máthair-baistighe airís. Cheap an t-athair go mbeadh cuid mhór airgid aige an turas so do'n' inghin. Ach ní raibh aici ach trí leabhair.
"Ná feic a bhfeicfir", "Ná chlois a gcloisfir" is "Ná habhair ach an nidh is maith leat féin", b'iad san na leabhair a bhronn sí uirthi.
Nuair a bhí an cailín bliain is fiche do tháinig a mathair baistighe airís agus thug sí léi chun a tíghe féin í an turas san. Ar an slighe dóibh do ghabhadar trí bóithrín beag cumhang salach. Dubhairt an cailín gur grándha an bóthar é seo agus dubhairt a máthair baistíghe go raibh sé maith a dóithin di. Chuadar isteach i gcúirt mhór ghroidhe a's ní raibh aon duine eile in a gcómhnuí ionnta. Do thug sí snáithín síoda do'n chailín le sníomhadh, agus chuir sí anáirde in uachtar an tighe í. Taréis tamaill do thuit an cheirtlín amach as a láimh agus do thuit sí síos staighre agus b'siúd an cailín ina diaidh. Nuair a tháinig sí anuas go bun an staighre cad a chonnaic sí ach an mháthair baistíghe agus í ag imtheacht in a muileann gaoithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí