Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó'n bhféar, a's bhuail sé air suas éadach na mná. Bhí sé ag imtheacht roimis nú gur shrois sé caladh phort. Chonnaic sé ualach mór boscaodaí 'á gcur ar bórd. Is minic a chonnaic sé na boscaodaí ceadna sa bhFrainnc 'á dhéanamh ag an mnaoi nuair a bhíodh aon díomhaointeas uirthi. D'feach sé ar cheann acu is bhí ainm an bhaile 'n ar deineadh iad, a's litreacha tosnuig a hainme thíos na bhonn. Tháinig scitimíní air mar bhí fhios aige go raibh sí beó pé áit a bhí sí. Chuir sé cúnntas an bhaile ar mháirnéalach.
"O Dia linn," ars an máirnéalach, "baile fé toirmeasc é sin, is ní théigheann aoinne 'na goir[e]. Níor mhair aon duine iasachta riamh a thug a aghaidh ar an áit sin."
Chaith sé amhras annsan gur greim éigin a bhí ar a mhnaoi féin ins an áit, a's dhearbhuig sé go gcaillfheadh sé féin an t-anam nú go saorfhadh sé í. Seo chun siúbhail é. Buaileadh isteach sa tig in a raibh sí é. Cheap an tsean bhean istig gur bean óg a bhí tagtha chúiche. Cheistig sé í i dtaobh aon stróinséir a bhí ar an mbaile. Dubhairt an bhean leis go raibh fear ár óstuidheacht aici féin agus go raibh sé thiar i seómra ag déanamh boscaod.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí