Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Eirig id' shuidhe sar a dtabharfhad isteach an fear is bun led' ghalar."
"O tóg bog é, bheinn scriosta d'á bhfeicfheadh sé mar seo me; imthig ort go fóil led' thoil go ndeanfhad suas mé féin," ars inghean an rí.
Ghlaoidh sí ar a mná coimhdeachta agus gléasadar í, a's bhí sí chómh maith a's a bhí sí riamh. Bhí sí in a péacóig críochnuighthe nuair a tháinig sí amach go dtí mach rí na h-Éireann. Ollmhuigheadh dinnéar suaithinseach agus bhí nua gach bidh is sean gach díghe ann. Fuair an Peidléar Bán gradam agus buidheachas toisc an galar doi-leighiste a bhaint do Inghean an Rí. Dubhairt an cailín ná pósfhadh sí aoinne ach mac Rí na h-Éireann, agus go n-imtheochadh sí abhaile leis t'réis a bpósta.
Pósadh iad. A leithéid do theasbántas is go fhéasda ní raibh riamh ar aon phósadh! Theastuig ón rí an Peidléar Bán achoimeád go deó, agus d'iarr an Peidléar a thuarasdal a's d'imthig ar a bhealach féin. Fuair sé mála óir, agus bhí sé bog beann ar an saoghal. T'réis tamaill dubhairt mac rí Éireann gur mhithid do féin triall ar thuairisc a athar. Thug rí na Frainnce scárlaod draoidheachta mar bhronntanas do mha[c] Rí Éireann, a's d'imthigheadar chun bealaig, beirt ac[u.](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí