Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bagarthach ceadna uirthi. Ní raibh aon leagadh aici le h-aoinne dos na fearaibh óga a bhí 'á h-éileamh.
Aon oidhche amháin bhí an Peidléir bán ar an mbóthar fé na bhealbhóig is a chuid ceirteach. Bhí riastaí na ghuailne ag an mbealbhóig a's é ag mallachtú uirthi. Bhuail sé isteach fé thor draighin, agus é ag cainnt leis féin ar phiolóidí an tsaoghail. Chuala fé fothram agus gleó.
"Ho hó, tá na buachaillí bána chúgham," ars é.
Crap sé chuige sluagh d'fearaibh beaga. Stadadar. Bhí lanntán glas san áit agus thosnuigheadar ag damhas a's ag rinnce ann.
"A cháirde," ars an ceann-phort, "tá bliadhain ó rángamair le chéile, agus tá scata scealta nuadha agaibh dom ó shoin. Chualas-sa go raibh galar gan leigheas an Mhac an rí; níl aon bhreóidhteacht air ach deanfhaimid-ne breoidhte é nuair nach bhfuil. Beidh ana spórt againn air i dtaobh go bhfuil sé chómh saonta a's atá sé. Tá an galar ceadhna ar inghean rí na Frainnce, mar sin é an fear go bhfuil grádh aici dho, agus beidh ár ndóithin gáiridhe againn pé cuma a eireóchaidh linn."
"Sásta a cheannport," a sreach na fir bheaga agus cad é fonn diabluíochta a bhí ortha an t-am ceadhna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí