Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig sé chun a mháthar agus chomáin sé an doras amach é. Thug sé leis a raibh d'oll-mhaitheas ins an bpluais agus d'fág cuid mhaith in a dhiaidh. Ar an mbóthar abhaile do chuala sé an gearán.
"Fóir orm, fóir orm," ars an guth. Siúd isteach thar claidhe é agus seadh bhí siamhá mná a's í ceangailte do chrann. Snaidhmeanna móra dochta a bhí uirthi, agus fé mar a scaoileadh sé snaidhm téigheadh an greim air féin. Níor bhfada go raibh an bhean saor agus é féin ceangailte do'n gcrann.
"Fan ansan anois," ars an tsean-bhean leis.
"Mise máthair an fhathaig a's chonnac an íde a thugais ar mo mhac."
B'é an Rí (athair a chéile) an chéad duine eile a gaibh an treó chuige ag spaisteóireacht lá.
"Ó fhóir orm a dhuine uasail," ars é.
Dhein an Rí bocht amhlaidh ach chuaidh na snaidhmeanna air féin agus siúd leis an óig-fhear chun siúbhal. Níor aithin an Rí é, bhí sé chómh snaidhte sin ó'n gcrann.
"Bíodh an méid sin agat as an ndroch íde a thugais ormsa," ar sé.
Níor bh'fada gur scaoileadh é agus bhí ana áthas ar an inghean. Ní raibh cruadhtan ná cás ortha as san amach, mar i dteannta gach rud bhí saidhbhreas an fhathaig acu.- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí