Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Bead cráidhte ciapaighthe go deó. Caithin a thiocfhaidh lá mo bháis? Bead scólta ag mo smaointe go deó!"
Leis sin do labhair sí leis. Léim sé na sheasamh mar cheap sé gur b'é a spioraid a bhí ann.
"O an beó nú marbh tú?" ar sé.
"Táim beó," ar sí.
Cuir sé na mílte fáilte roimpe a's cheapfá ná coimeádfadh an tig in aonchor é, bhí sé chómh sásta san. Níor tháinig sé chuige féin i gceart go ceann tamaill. Dubhairt sí leis go raibh a fear ag an ngeata a's chuaidh sé amach ag triall air. Bhí an Rí chómh mín le h-uan caorach an t-am san. Thug sé feasda seacht laé is seacht oidhche in a n-onóir is bhí gáirdeachas ar gach aoinne.
Ach ní raibh aon tsástacht ar an bhfear óg gan dul ar thuairisc a mháthar. Ní chreidhfheadh sé gur b'í a dhein faic leis ach gur b'é an fathach ba chúis leis. D'impig a bhean air gan dul mar go bhfeaca sé a dhóithin cheana di, ach ní raibh stad le baint as, d'á dtabharfhadh sí mil ar mheasaibh dho.
Chuaidh sé fé dhéin na pluaise in a raibh seóda an fhathaig, agus ar adhmharaighe an domhain bhí an crios ann. Bhuail sé air anáirde í, agus siúd leis fé dhéin an fhathaig. Chuir sé cómhrac aon-fhir air agus mhairbh sé é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí