Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thángadar abhaile tráthnóna agus ní raibh faic le hinnsint do'n leas-mháthair ach gur sabhanna a itheadar ó mhaidean. Níor chreid an leas-mháthair iad agus cuir sí an dara inghean in aonfhacht léi an chéad lá eile. Thárla an rud ceadna díreach agus ní raibh aon fhios 'á fhághail ag an leas-mháthair.
Cuir sí an tríomhadh inghean in aonfhacht léi an lá 'na dhiaidh san. B'sin í an inghean go raibh na trí cinn do shúile aici. Bhíodar ag aoidhreacht leó. Chuadar ag itheadh na sabhanna agus thuit an cailín óg d'á codhladh. Ach má thuit níor thuit aon néal codhladhta ar an súil a bhí i gcúl a cínn. Chuaidh an díleachtaí fé dhein an tairbh agus fuair sí a cuid bídh agus tháinig sí thar n-ais. Dhuisig an cailín eile agus níor leig sí faic uirthi. Tháinig sí abhaile agus d'eachtruig sí gach rud do'n leasmháthair. Bhí sí ar buille ar fad agus ní fheadair sí connus a chuirfheadh deire leis an dtairbhín dearg.
Dubhairt sí le na fear lá an tarbh a mharbhúghadh ach bhí ana leisce air. Chuaidh an cailín go dtí an dtarbh agus í go cráidhte agus dubhairt sí go rabhtas chun é a mharbhú.
"Ná bíodh aon eagla ort im' thaobhsa," ars é léi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí