Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bheadh a dhóithín ithte aici.
Dheineadh sí amhlaidh gach lá agus thagadh an biadh breágh chúiche. Nuair a bhíodh a dóithin ithte aici do chuireadh sí an adharc thar n-ais ar an dtairbhín airís. B'ait leis an leas-mháthair connus a bhí sí chómh sláinteamhail chómh sásta, agus an t-easba bídh a bhí uirthi.
D'fiafruig sí do'n leas-inghean lá cad a bhí d'á itheadh aici, agus dubhairt sí gur sabhanna glasa. Níor chreid sí í, mar bhí fhios aici ná féadfhadh sí a bheith chómh maith ar shabhanna.
Aon lá amháin chuir sí an leas-inghean amach agus a h-inghean féin in aonfhacht léi ag aoidhreacht an stuic. Dúbhairt sí léi an leas inghean í a fhaire go maith feachaint an raibh aon nidh le n-itheadh aici. D'imthigheadar leó agus bhíodar ag aoidhreacht leó. Siar sa lá dubhairt an leas-drifiúr leis an gcailín eile an raghadh sí ag itheadh na sabhanna in aonfhacht léi. Dúbhairt sí go raghadh. D'imthigheadar síos go dtí cúinne an ghoirt agus bhíodar 'á nitheadh. Thuit an cailín óg d'á codhla agus chuaidh an cailín eile ag triall ar an dtarbh agus fuair sí a chuid bídh go slachtmhar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí