Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ann fadó. Ní raibh acu ach stáicín beag coirce chun na n-ainmhidhthe beaga bhí acu a chothú. Bhí aon inghean amháin acu: cailín an-dheas. Bhí an cailín eirighthe suas timcheall hocht mbliana nuair a cailleadh a máthair. Phós a hathair ath-uair. Bhí an leas-mháthair ana cheanumhail ar an leas inghean go dtí gur saoghaluigheadh ingean di féin. Cailín deas ab' eadh í. Saoghaluigheadh beirt eile inghean di agus bhí máchaill ar gach duine acu. Ní raibh ach aon tsúil amháin ag duine acu agus bhí trí súile ag an gceann eile, an tríomhadh súil i gcúl a cinn.
Ní gheibheadh an leas inghean aon ghreim bídh ó'n leas mháthair. Aon lá amháin bhí sí ag aoidhreacht an stoic amuigh sa ghort mar ba ghnáthach léi. Tháinig tairbhín beag dearg chúiche agus dúbhairt sé léi an adharc a bhaint do féin agus nach mbeadh aon easbadh bídh uirthe, agus í a chur air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí