Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “An tÉan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht ar fad. Bhí beirt mhac acu, leanbhaí ana dheas ar fad ana bhéasach. Bhíodar ina suidhe cois teine agus gan aon teasbach ortha. Bhí an lánamha ag cáiseamh na leanbh mar ní raibh an chéad béile eile le nitheadh acu ná aon nidh chun é a cheannach. Bhí an sneachtadh tuitighthe go trom agus siúd leis an ngarsún críonna ag rith indiaidh éan fé mar ba ghnáth le garsúin d'á aos.
    Rith sé indiaidh éin bhig. Theanntuig sé é isteach i bpoll agus rug sé air. Thug sé leis abhaile é agus bhí ana mhórtas air. Dhein sé cás do agus bhí ana mhórtas air.
    An mhaidean 'na dhiaidh bhí ubh sa chás. Ubh ana shuaithinseach ab' eadh é agus dath ana dheas air. "Ní fheadar cad a dhéanfaimíd leis an ubh," ars an t-athair. "Tabhair leat síos go dtí an bprionnsa atá thíos sa chúirt í agus b'fhéidir go dtabharfhadh sé rud éicin duit."
    D'imthig an garsún leis síos agus an t-ubh aige. Bhuail sé ag an ndoras agus d'oscail an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cheárna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí