Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 206
- XML “An tSlat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dom an bhfuil buaidhreamh ro mór
ar mhac a rí óig," ars an bhean óg.
"Ní shileann a méiríním mille,
Ní sheimeann a cruit ceól
Agus go deimhin tá buaidhreamh ró mhór ar mac an rí óig," arsa Micí.
D'eachtraig sí a scéal tríd síos do'n aodhaire agus d'eachtruig seisean an scéal do mhac an rí.
"Sin í mo chomrádaidhe-se anois agus mo chlann mac," arsa mac an rí. "Raghad go dtí tig na muc 'chaon oidhche feachaint an dtiocfhaidís ann."
Bhuail an bhean agus a triúr mac amach i dtosach oidhche bhreágh gealaighe. Chuadar inaice dorus na cúirte. Bhuail an mac óg buille ar an liathróid a bhí aige, agus cá raghadh an liathróid ach isteach fé cathaoir a athar.
"O hanam 'on diucs," ar sé, "tá mo liathróid imthighthe isteach fé chathaoir mo Dhaid."
Chualaidh an t-athair é. Léim sé d'á chathaoir agus greamuig an ceathrar idir dhá linn an doruis.
D'eachtruig a bhean an scéal do agus is air a bhí an t eirghe anáirde agus an lúthgháir. D'orduig sé an drifiúr críonna a dhóghadh i mbeiste de tharra, agus mhair sé féin is a bhean is a clann go sona sásta as san amach.- Bailitheoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann