Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Scéal Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuala é seo 'á eachtraí ag Gobnait Ní Ghuithín, ó'n mBloscaod Mór. Teasbáineann an scéal rud amháin athárla ins an bParróiste idir na daoine maithe agus lucht comhnuighthe na h áite.
    Bhí fear fadó ina chómhnuidhe i mBaile'n Fhirtéaraig. Aon lá amháin do chuaidh sí 'on Daingean agus do thuit an lá chun báistighe agus chun tóirnighe. Do chaith sí fanacht sa Daingean go dtí go dtáinig sánas air. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile timcheall a haon déag a chlog do chonnaic sé bean sa Mhám. Tháinig an-uaigneas air agus bhain sé as a chosa é go dtí gur shrois sé sruthán agus lean an bhean é. D'imthig sé leis annsan agus níor tháinig sí treasna an t sruthán in aonchor.
    Tháinig sé abhaile. D'innis a bhean do go raibh an capall i bpóna Baile Bhoithín.
    "Ó mhuise ní fhanfhaidh mo chapaillín se fe'n mbáistig i bpóna Baile Bhoithín," ar seisean.
    D'iarr an bhean air fanacht istig agus pé rud dhéanfhadh an capall gan bac leis.
    D'imthig sé leis agus nuair a shrois sé an póna bhí an coimeádaidhe ina chodhladh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Gobnait Ní Ghuithín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí