Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 190
  3. XML “Bean an Leasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Mhicheál Ó Ceárna a fuaireas an scéal so. Chuala sé an scéal ag Eóghan Ó Súilleabháin, sean-scealaidhe a bhí in aois a dheich mbliana is cheithre fichid nuair a cailleadh é i 1934. O'n mBloscaod Mór ab'eadh é.
    Bhí baintreabhach mná i bParróisde an Fhirtearaigh agus bhí sí go maith as. Bhí cailín aimsire aici, agus ní raibh de chlann aici ach aon mhac amháin.
    Lá amháin buail bean chúiche isteach agus ceaintín stáin aici. D'iarr sí lán an ceaintín de mhin ar bhean an tighe ar iasacht. Fuair sí an mhin agus fáilte. D'imthig sí léi annsan. Bhí an-iongantas ar bhean an tighe mar níor aithin sí in aonchor an bhean iasachta. Dubhairt sí leis an gcailín dul 'on doras agus feachaint cé an treó a imthig sí. Isteach 'on lios a chuaidh sí.
    Sar ar imthig an bhean iasachta ó'n dtig dubhairt sí le bean an tíghe teacht chúiche féin d'á mbearfhadh aon chruadhchás go deó uirthe agus go ndéanfadh sí fóirithin uirthi.
    Tamall 'na dhiaidh san bhí Ráiseanna i gCeanntrágha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Céarna
    Inscne
    Fireann