Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuair an bhean gráinne míne agus píosa de ghriodall cruaidh tríd agus thug sí dhó le n itheadh é.
"Tá an-fhiacla ag na Fianna," ars é, "má tá fiacla acu a itheann é seo."
"Cad é an caitheamh aimsire a bhíonn acu?" ars é.
"Tá cloch mhór annsan amuigh agus bíonn siad 'á caitheamh anonn agus anall do dhruim an tighe, agus bíd ar thaobh shiar an tighe sar a sroiseann an chloch an taobh eile, agus sin é mar a chaitheann siad a gcuid ama díomhaoin."
Chaith an gaiscidheach so siar í anois. Bhí sí gabhtha aige ar an dtaobh eile sar ar srois sí an talamh. Chaith sé soir airís í agus bhí sí gabhtha aige sar ar bhuail sí an talamh ar an dtaobh eile, ach strac sí a chuid eadaig go léir.
"Tá an obair seo ró chruaidh domsa," ars eisean. D'imthig sé síos chun na trágha agus bhí an t aithghiorra gabhtha ag Fionn agus bhí sé shíos roimis. Bhí tarbh mór shíos agus theastuig ó'n ngaiscidheach é a thabhairt leis. Cuir Fionn na choinne. Bhí gíotam ann mórchuid. Bhíodar ag tarrac an tairbh ó na chéile go dtí go ndeineadar dhá loma leath do'n ainmhidhe agus go raibh a leath ag gach duine acu dho.
Dubhairt an fear le Fionn ná luighfheadh claidheamh air, is na dóghfhadh teine é is ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí