Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Eachtra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean eachtra i dtaobh na farraige é seo a chuala go minic aige's na sean daoine san mBloscaod Mór. Deir siad gur tárla sé agus a lán rudaí d'á leithéid nuair a bhíodh an t-iascaireacht fé lán tseól san Oileán.
    Fadó fadó riamh tháinig lá ana bhreágh agus chuaidh bád o'n mBloscaod Mór ag iascach tamall maith ó'n Oileán. Chaitheadar amach na líonta agus bhí iasc maith 'á fhághail acu. Níor bhfada ann dóibh nó gur sháidh fear beag ruadh a cheann aníos le hais an bháid. Chómh luath agus a chonnaic criú an bháid an fear ruadh tháinig an-eagla ortha mar cheapadar gur púca a bhí foicighthe acu agus go mbádhfadh sé iad. Do labhair an fear beag ruadh leó agus dúbhairt sé leó teicheadh go géar as an áit agus dul abhaile. Níor labhair sé faic ach d'imthig sé síos fe'n bhfharraige airís uatha. Thógadar isteach na fearaistí iascaig agus siúd leó tamall mór ó'n áit sin agus chaitheadar amach na líonta.
    Bhí mórán éisc 'á fhághail acu ann ar feadh tamaill mhaith. Níorbh fada a bhíodar ann nuair nuair a chonnacadar an spéir ag athrú, agus cuma ghrándha ag teacht ar an bhfarraige. Bhíodar ag cainnt le chéile ar feadh tamaill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge