Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Cluiche”
  4. XML “Cluiche na nDorn Dúnta”
  5. XML “Cluiche ar Lúbadh Méar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Suas teaghair, anuas teóghair, buille beag i lár na baise. Leatsa crap a mhéaróigín bhuidhe bhradach san. (Crap an mhéar gur tuith an crann uirthe.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (Na dóirne ós cionn a chéile.)
    Ceann an stáca, leag ar lár é go maidean amáireach go níosfhaidh sé bluire aráin is ime. Tóg.
    Caithidh chúgham an biadh.
    Ca'il mo chuidse?
    D'ith an luch é.
    Ca'il an luc?
    D'imthig sí fe'n sop.
    Ca'il an sop?
    Dóigh an teine é.
    Ca'il an teine?
    Mhúch an t-uisce é.
    Ca'il an t-uisce?
    D'ól an damh é.
    Ca'il an damh?
    Mhairbh an búistéir é.
    Ca'il an búistéir?
    Cailleadh anuiridh é is cuireadh i mbliana é. D'imthig sé suas fé chabha na lice bige báine is dubhairt sé liomsa p'é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.