Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 175
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cad tá le deanamh," ars an Pápa. "Ní feadar cad is féidir a dheanamh anois."
[Tá an tobar san sa Róimh fós agus is iomdha duine a théigeann ag feachaint air.]
"Tá dhá sheans eile agat," ars an Pápa, "agus caithfear eirghe asat mar a mbuadhfair."
Mo ghraidhn an sagart bocht ní raibh ann ach go raibh sé 'na bheathaidh. Dubhairt an Pápa leis dul síos i mbarraille a bhí lán do thairgní agus go léighfeadh sé Aifreann eile feachaint an bhfanfhadh sé na dhúiseacht an fhaid a bheadh an Coisreacan ar siúbhal. Chuaidh an sagart isteach sa bharraille agus bhí sé 'á chrothadh féin anonn a's anall. Bhí na tairgní ag dul isteach tríd. Nuair a bhí an tAifreann léighte ag an bPápa tháinig sé chuige.
"Is maith é seo," ars é, "tá seans anois agat."
Ach nuair a tháinig sé amach as an mbarraille, ní raibh órlach d'á chroiceann gan gonta agus poill. Bhí a chroiceann stolta as a chéile. Cuireadh cóir mhaith air go dtí go raibh cuid dos na creachta cneasuighthe.
Dúbhairt an Pápa leis imtheacht annsan agus má gheobhadh sé eochair bheag go raibh a ainm féin scríobhtha uirthi thíos fé'n bhfarraige go mbeadh sé saor go bráth.
D'imthig an sagart bocht go brisde chroidheach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peig Ní Ghuithín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí