Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Cleamhnas Phiarais Feiritéar”
  4. XML “Ceist agam ort!”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dubhairt sé ná bheadh sé féin mar dhríodar ná mar fhuighil croiche.
    B'sin é an deire a bhí le Piaras Firtéar an taoiseach cródha a dhein maise agus áis d'á mhuinntir maidir le gníomhartha gaile agus filíochta an fhaid a mhair sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An té a dhein í níor chaith sé riamh í
    Is an té a chaith í ní fheaca sé riamh í.
    —Cómhra.
    Méisín chúmtha chámtha, a béal fúithe is a tón anáirde.
    —Bairneach ar chloich.
    Braitlín bháin ar thaobh an tighe is ce'cu againne a raghaidh 'á nigheadh?
    —Scáth na gealaighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge