Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cím an ré i lár an laé imeasc na bóinne bige báine, is mór an obair dom é a rádh trí huaire gan fuaim m'anáil.
(Abair é seo trí huaire gan t-anál a tharrac.)Gealbhún buidhe buineann ag preabarnaig i dtor cuilinn.
(Abair é seo sé huaire gan stop.)Gaibheasa lá siar annso, gaibheasa lá aniar annso
Thárla fear liom, thárla bean liom, thárla maidrín gearra glas liom.
Thugadar leótha mé is chuireadar sa chómhra me.
D'itheas mo dhóithin do im na gcómharsan is do arán buidhe eórnan.
Seo amach na gabhair, seo mise na ndeabhaidh
Tuit m'aprún uaim idir dhá scailp;
Ní raibh faic agam a thógfadh é ach cleite circe is earball muice.
"Cá bhfuairis an cnámh san?"
"I mbéal dorais do thighe se."
"Cad a thug ann tú?"
"Ciocras feóla."
"Cad í an feóil?"
"Feóil girfhiadh."
"Cad é an girfhiadh é?"(leanann ar an chéad leathanach eile)