Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tig agus b'é an galar ceadhna é ins gach tig acu. D'fhiafruig sí sa tríomhadh tig cad é an chúis a bhí acu go léir uirthe. Dubhairt an bhean léi go raibh bean ag an Rí cheana agus go dtugadh sí cuid do gach béile dóibh féin a bhí bocht, agus nár thug sí féin faic riamh dóibh.
"O mo ghrádh sibh, ní raibh fhios agamsa go raibh aon bhean eile riamh aige," arsa bean an rí. "Níl aon lá eile ná go dtabharfhad díbh gach blúire bídh a fhanfaidh im' dhiaidh."
"An raibh aoinne clainne aige," ar sisean.
"Tá ingean leis sa chaisleán mhór úd thall is dáréag ban coinnleachta 'á faireadh," arsa an bhean bocht.
Tháinig fearg mór ar an leas mháthair.
Thagadh mac rí an Domhain Toir i bhfuirm seabhaic gach aon oidhche go dtí Inghean an Rí agus bíodh ceól a's rinnce a's cleachta acu. Chuaidh an leas-mháthair ag faire ortha oidhche. Dubhairt sí go ndeanfhadh sí díoghbháil éigin do mhac an rí. Tháinig sí agus chuir sí sparaí iarainn amach tríd an bhfuinneóig. Smiot mac an rí na gcoinne an chéad oidhche eile. D'fhill sé abhaile ar a mhathair. Ní raibh aon airce 'á iarraidh aige ar an mbás ach croidhe agus aé an chailín a thabhairt chun a mháthar. Is amhlaidh a bhí bratacha dubha anáirde ag an gcailín agus iongantas an domain uirthe cad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Chéarna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí