Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Iníon Rí Éireann agus Mac Rí an Domhain Toir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Eibhlís Bean Uí Cheárna sa Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Fuair sí é ó na hathair atá ag slánú a deich is ceithre fichid. Chuala seisean ón a athair é agus scéal fíor aosda iseadh é.
    Bhí Rí ann fadó agus phós sé. Bhí aon inghean amháin aige agus nuair a bhí sí bliain d'aois cailleadh a máthair.
    Ní raibh stad ná staonadh le déanamh ag an Rí nó go bhfaigheadh sé bean eile. Thóg sé Caisleán do'n ngearchaile agus chuir sé dáréag ban choinnleachta 'á faire. Chuir sé abhfad ó na chúirt féin í chun ná cídhfeadh an leas-mháthair í.
    D'imthig an rí leis agus t'réis dhá lae tháinig sé dtí tig é ina raibh baintreabhach mná. Bhí beirt inghean aici. Dheineadar suas le chéile é agus pósadh iad.
    Bhí trí cinn do thighthe bochta i mbéal dorais na cúirte. Lá amháin ghaibh an bhean amach agus shleamhnuigh sí i mbéal tighe acu.
    "O Dia linn is Muire," ar sí.
    "Ná raibh Dia leat ná Muire," ars an bhean istig.
    Chuaidh sí go dtí an dara agus go dtí an tríomhadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0432: The Prince as Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Chéarna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí