Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “An tSiamhá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Mháire Ní Chearna, seana bhean atá dul isteach ar a cheithre fichid bliain a fuaireas an scéal so thuas. Cómhuigheann
    Comhnuigheann
    sí ar an Oileán so.
    Síamhá iseadh Maighdean Mhara a bhíonn ana nimhneach don gcine daondha agus a bhíonn ag faire ar dhíogbáil dóibh.
    Bhí fear óg fadó ann agus bhí sé an bocht tréis pósta dhó. Ní raibh d'achmhuinn aige ach breith ar a dhorúgha agus imeacht leis síos taobh farraige ag seasamh annsan ar chloich ag marbhú breac. Ní bhíodh aige go deimhin ach fo bhreac beag anois is airís. Bhí an baile mór gairid do. Dhíoladh sé pé breac a bhíodh aige agus cheannuigheadh sé smut aráin a's thugadh sé abhaile chun a mhná é. Lá amháin bhí sé ag iascach ar an gcloich, agus bhuail síamha mhna chuige amach ar bharr tuinne. Labhair sé leis.
    " Níl puinn éisc á mharbhú agat" ar seisean.
    " Níl mhuis ná aon iasc" ars an fear.
    'Seadh beidh do dhóithin éisc agat gach aon lá eile" arsa an tSiamha. " Má thugann tú domsa an mac is sine a bheidh agat, ní bheidh aon cheal éisc ort."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chéarna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 80
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí