Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cú Bhán an tSléibhe. Sa tsean shaoghal bhí rí agus a mhnaoi ag maireachtaint go sásta i gcúirt bhreágh. Bhí triúr inghean bhreághtha acu. Bhí gairdín aoibhinn acu ar aghaidh an tighe agus falla mór timcheall air. Falla mór árd ab'eadh é agus ní fheadfhadh aoinne dul treasna air, mar bhí sé chómh hárd leis an spéir beagnach.
Bhí cú bhreágh bán san áit agus gheibheadh sí treasna an tsléibhe ar a aghaidh gach lá. "Cú bhán an tsléibhe" a tugtaoi mar ainm uirthe. Bhí cathaoir draoidheachta istig i ngáirdín an rí agus p'é athchuinghe a dhéanfá id' shuidhe ar an gcathaoir sin gheobhfá é go cinnte. Téigheadh an rí agus an bhannríoghan ag déanamh a n-athchuinghe go minic sa chathaoir, go mórmhór sara dtéighidís in aon áit taobh amuigh de'n bpálás .
Lá amháin chuaidar araon amach. Dearmhad an rí rud éicin, agus chaith sé filleadh air ais airís chun an tighe. Leis an ndeabhadh a bhí air d'fág sé an eochair 'na dhiaidh ar an mbórd. Fuair na hingheanacha an eochair. Siúd amach iad, agus bhaineadar anuas an glas. Isteach le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí