Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “Mairnéalaigh Inis Tuaiscirt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí ocras thar bárr ar na fearaibh agus d'itheadar béile trom. Bhí an líon tighe ar bail-chrith mar cheapadar ó thosach gur púcaí iad, agus dheineadar gach iarracht ar iad a shásamh.
    B'é toil Dé é go raibh lá-ar-na-mháireach breágh agus tháinig na fearaibh tighe abhaile. D'aithin fear an tighe ar an nóiméad gur máirnéalaig iad; agus labhair sé leó gan imshniomh. Theasbáineadar dhó an áit gur thángadar i dtír ar an Oileán uaigneach. Ag obair i long cogaidh a bhíodar dúbhradar agus chomh luath a's a bhí a dtéarma caithte acu níor dhein an captaoin ach iad a chur ar talamh an Innis Tuaiscirt.
    Cheap sé ná féadfhaidís aon drapadóireacht a dhéanamh mar ar chloich shleamhain a chuir sé iad agus go bhfaighdís bás go tapaidh ar an bpaiste sin.
    Tá "Leac na Máirnéalach" mar ainm ar an leic sin ó shoin in Innis Tuaiscirt.
    Chuir na fearaibh ó'n Innis go Dúnchaoin iad ar an mín-tír. Ghluaiseadar na máirnéalaig leó agus tásc ná tuairisc ní fuarthas uatha na dhiaidh sin in innis Tuaisceart.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Catháin
    Inscne
    Fireann