Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “Mairnéalaigh Inis Tuaiscirt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máirnéalaig Innis Tuaiscirt.
    Muiris Ó Catháin a thug an scéal seo dhom. Deir sé gur scéal fíor é; agus gur thárla gach rud acu.
    Bhí fear ag maireachtaint in Innis Tuaiscirt tamall mór maith ó shoin, é féin is a bhean agus inghean dóibh, agus clann mhac.
    Lá amháin chuaidh an fear go dtí Dúnchaoin agus níor fhág sé istigh ach a bhean a's a inghean, agus na leanbhaí óga. Tháinig an droch aimsir agus bheir amuigh ar an bhfear.
    Aon oídhche amháin is an bhean is an inghean go huaigneach trom-chroidheach (uaigneach ) istigh agus do bhrathadar an chainnt is an cómhradh go léir leas'muigh timcheall a dó a chlog.
    I gceann tamaill buaileadh an dorus. D'eirig an t-sean bhean agus d'oscail sí é. Cé bheadh roimpe ach beirt fhear a's níor aithin sí aon duine acu. Cheap sí gur púcaí iad agus siúd ag scréachaig í agus dhúisigh sí na leanbhaí. agus bhí an tig tré chéile.
    Béarla a bhí ag na fearaibh agus ní raibh aon fhocal Béarla in Innis Tuaiscirt ná in aon Oileán timcheall air.
    Sa deire dheineadar cómharthaí do'n mhnaoi go raibh ocras ortha. Fuair sí béile bídh dóibh, bainne gabhar, arán mine bhuidhe, agus cúpla coinín beirbhthe. B'shin é a mbiadh féin an t-am san leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Catháin
    Inscne
    Fireann