Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Paidear tréis na Corónach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidear t'réis na Corónnach.
    A Íosa féach orainn a Íosa fóir
    A Slánuighteóir is a Dhia dhíl dein díon d'ár n-anam go léir,
    Dibir na droch smaointe is an peaca as ár mbéal
    Sar a sínfear sinn síos sa leabaidh bheag caol
    A Rí na nAingeal is a Chara na gcruaidh bhochtán,
    A Mhichíl Naomhtha Árd Aingeal bí farainn ar uair ár mbáis.
    Cabhair is cáirde is grásda ó Dhia chúghainn,
    A chabhair gach lá is táimid dá iarraidh,
    Sácraimint na h-aithrighe go neartuighidh Dia linn,
    Is m'anam fe'd choimirce a Mhaighdean an Tighearna.
    Luighmíd fed' ainm a Mhaighdean Ghlórmhór,
    A Mháthair Dé, a Realtan Eóluis,
    A Bhannríoghain na nAsbol, freagair is fóir sinn,
    Is beir leat ár n'anam go Cathaoir na Glóire.
    Déirc an Spioraid Naomh in ár gcroidhe is in ár mbréithre,
    Is gach nídh a iarraimíd Dia 'á réidteach.
    Amen.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge