Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear sa gcomhursanacht seo fadó agus 'sé an t-ainm a bhí air ná "Seán na gCapall". Bhiodh sé ag goid capall ó na chomhursanaibh. Lá amhain ghoid sé capall breagh as stábla éigin, d'athruigh sé dath an chapaill le dath dubh a cuirtear ar éadach agus ar olna. Dhíol sé ar an aonach é. Chuaidh an fear o'n a ghoideadh an capall ar an aonach agus cé'n cheann a cheannochadh sé acht a chapall féin agus é dathuighthe. Nuair a thánaigh sé abhaile thug sé fé ndeara gurab' é a chapall féin a ghoideadh uaidh a bhí ceannuighthe aige. Chuaidh an tóir ar Shéan na gCapall chun é a chrochadh. Nuair chuala sé go raibh an námhaid in aice leis chaith sé é fhéin isteach i bpoll uisge mar b'fhearr leis é fhéin a bhathadh ná 'ceangal na gcúig gcaol' a bheith curtha air. Thánaic an námhad ar an bpoinnte agus tharraing sé amach Séan 'sar a raibh sé báidhte.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Alice Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- Mrs Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh