Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí Dómhnall Uí Chonaill ar gleadh i dteach ársa in a raibh a lán Sasannach. Bhí cailín ainsire sa tigh agus bhí Gaedhealg maith aici acht dá'r ndoigh ní raibh an Gaedhealg ag na Gallaibh. Thuig Domhnall Uí Chonaill an Gaedhealg go rí mhaith freisin. Bhí an bord 'gá fhreastal ag an gcailín agus um a dtaca céana bhí amhrán dá gábháil aici. Sé an rann a bhí ar suibhal aici ná "A Dhomhnaill Uí Chonaill
A' dtuigeann tú Gaedhealg".
Thuig Domhnall an méid sin agus d'ghreagair sé arais dí i bhfhuirm amhráin
"Tuigim a chailín cadé atá ag cur isteach ort?"
D'fhreagair an cailín "Tá rud salainn id' chupán a mharbhochaidh na céadta" "Óra imthigh leat le luathas" arsa Domhnall "agus tuibhraidh mé spré dhun." Bhí nimh sa cupán a thug na Sasannaigh do Dhomhnall mar theastuigh uatha é a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Veronica Murphy
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- John Ginty
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh