Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)

Suíomh:
Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuirnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0173, Leathanach 258

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0173, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmacteige (C.)
  2. XML Leathanach 258
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean fhear fadó ann agus bhí an anrodh air go cinnte. Lá amháin d'imigh sé trí choill ag fiadhach. Thánaig fear beag dearg chuige agus dubhairt sé "Cén fáth atá mo chuid bó agus cearc 'ghá mharbhú agat?" Dubhairt an sean fhear go raibh air iad a mhairbhú chun bith a sholáthar dó fhéin.
    "Anois" ars' an fear beag dearg "Tóig an pota beag seo leat in éinfheacht leis an slat beag seo. Am ar bith a bheidh ocras ort buail an pota leis an slat agus abair "biadh, deoch agus seirbhís chun freastal" Rug an sean fhear buidheachas do'n fhear dhearg bhídeach agus d'imthigh leis abhaile chuig a chéile agus a inghean. Rinne sé mar a d'orduigh an fear bídeach dhó agus fear sonasach a b'eadh é a leithead de bhidh ? bheith aige. Chuala muinnteor an bhaile fé'n bpota agus shocruigheadar ar an sean fhear a mharbhú. D'innis an sean fhear an sgéal fé'n dún-mharbhughadh do'n fhear dhearg bídeach. Dubhairt an fearr dearg dó "Tabhair do bhata dod' inghean,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Alice Boland
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tom Carrol
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Brón, Co. Shligigh