Scoil: Killahan

Suíomh:
Cill Laithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bean Uí Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0413, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0413, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killahan
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “An Seanchaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An fothrach san lastuaidh de tigh na scoile an eadh? Fothrach caisleáin é sin. An Chaisleán a thugaimíd-ne air annso. Tá mórán scealta in a thaoibh. Deirtear go dtárla rudaí annso - timcheall an chaisleáin sin - a bhuadhfadh caoch ar na scéalta a innstear cois teine oidhcheannta geimhridh & na mbíonn tuairisgí fada ar an sluagh sidhe is ar sprideannaibh is air phúcaibh.
    Tá scéal amháin ann i dtaoibh mná óige, d'inghin do bhí ag fear an chaisleáin uair. Ba mhian leis siúd taoiseach óg áirighthe bheith mar chliamhain aige acht morbh é an taoiseach óg san do shanntuigh an mhaigdhean óg acht macaomh nár lugha le n-a hathair an sioc ná é. Thug an tathair cuireadh do'n té a thoigh sé féin mar nuachar teacht chun an chaisleáin oidhche chun gach nídh do shocrughadh le haghaidh an phósta cé go raibh a fhios acu araon gur d'á haimhdheóin sin a pósfaidhe í, dá bpostaí ar aon chor í.
    Do tháinig mo dhuine, & an túisge is a chualaidh an bhean óg é bheith fé fhraghthachaibh an tighe aici do dhírigh sí ar lógóireacht. Teip ar a muinntear go léir í chiuiniughadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge