Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- XML Leathanach 277
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag iarradh ar na sgéal a thabhairt dó agus gan deire a bheadh air. Thiubharfadh sé go leor airgead de'n duine a beadh in ann é sin a dhéanamh.
Tháinig go leor daoine isteach acht ní raibh siad in ann aon sgéal a innseacht de'n rí. Taréis tamall tháinig fear isteach agus thosuigh sé ag innseacht sgéal. Seo é an sgéal.
"Fadó bhí fear saidhbhir in a comhnaidhe in aice na h-áite seo. Bhí teach mór aige agus líon sé an teach le min corcaigh. Níorbh fheidir le aon rud a dhul isteach ann acht beacha. Chuaidh beach isteach ann agus thug sé gráinne corcaigh. Cuaidh beach eile isteach agus thóg sé amach gráinne eile. Chuadar amach agus isteach ar feadh na bliadhanta. Bhí an fear ag innseacht an sgéal seo ar feadh trí seachtmhaine. Bhí an rí an tuirseach ag éisteacht leis an sgéal agus dubhairt an rí go raibh a sháith raidhte aige. Thug sé an airgead de'n fear annsin.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hÉanacáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach, Co. na Gaillimhe