Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- XML Leathanach 273
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín ins an bparaiste seo uair amháin agus bhí sí ag groigeadh móna ins an bportach lá amháin agus tháinig sioneáin mór gaoithe ins an trathnóna agus thuit gach gróig. An lá ina dhiaidh san chuaidh sí féin agus a dearbhutharacha ag groigeadh na móna arís agus tháinig sinneáin mór gaoithe agus thuit gach gróig a rinne sí acht níor thuit na cinn eile.
Chuaidh an cailín go dtí an sagart agus d'innis sí a sgéal dí agus thug an sagart rud dí chun a coineáil timcheall a muineaíl i gcomhnuidhe. Aon lá amháin amháin chuir a mháthair go dtí an siopa í agus chuir sí a éadaigh nua uirrí agus bhí an rud a thug dí in a sean eadaigh agus níor cheap sí é a chuir ar a éadaigh nua.
Ar cuma ar bith chuaidh sí go dtí an siopa agus nuair a bhí sí ag teacht abhaile chonnaic sí sochraid ag teacht chuichi agus 'sé an céad duine a chonnaic sí ann ná a hathair féin a fuair bás roimhe san agus chuir sí a láimh suas leí.
Is annsan a cheap sí ar an rud a thug an sagart dí. Chuaidh sí abhaile annsin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Néill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Maoilín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Poll an tSiúraic, Co. na Gaillimhe