Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- XML Leathanach 263
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt buachailli bochta ann uair amháin. Oidhche Nodhlaig a bhí ann agus ní raibh rud le nithe aca. Dubhairt duine aca leis an duine "gur cuireadh mac an ministéirí cúpla lá ó shoin agus nuair a bhíodar ghá cur cuireadar go leor tobac agus airgead sios leis.
Shochruigheadar annsin go rachaidís go dtí an uaigh agus go bhfuighidis an tairgead. Nuair a shroiceadar an uaigh dubhairt duine aca leis an duine eile go bhfuigheadh sé féin an airgead agus an buachaill eile a dhul go feirm an ministéirí agus caoire reamhar a fhághail agus go mbeadh féasta mór aca an oidhche sin.
Chuaidh ceann acu go dtí an fheirm agus thosuigh an buachaill eile ag tochailt agus fuair sé an airgead agus dhún sé suas an uaigh arís. Nuair a bhí buachaill aimsire an ministéirí ag teacht ón a chuairt chonnaic sé an buachaill 'na seasamh ar an uaigh agus bhí faitchíos mór air.
Nuair chuaidh sé abhaile d'innis sé an sgéal don ministéir agus ní creidhfheadh an ministéir é. Ní raibh an ministéir in ann siubhal go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Néill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Neíll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe