Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is fealméar é m'athair. Tá suas le fiche acra talamh aige. Tá go leor beithidhigh aige ar an bhfeirm. Bíonn cuid des na hainmnidhte an-úsaideach. Tá trí ba aige agus cúpla buláin agus tá cúpla gamhain aige freisin. Tá caoirí agus capall aige freisin.
Ainmhidhe an-usaideach seadh an bhó. Tugann an bo bainne duinn. Crúdhtar í dhá uair san ló ar maidin is trathnóna. [Diolann] Diolann cuid de na daoine an bainne acht diolann cuid eile aca an im agus diolann siad an im. Tugann an bó gamhna dúinn.
Bionn pisreóigí ag na daoine i dtaobh an bhó. Nuair a bhíonn an gamhain lae no dhó ceangluigheann siad piosa dearg go rubaill an biun[?] agus deirtear annsin nach leigfeadh é sin aon dochair don mbó. bíonn pisreóigí mar sin ag daoine i dtaobh an bhó.
Bíonn caoirí ag gach feirmeóir freisin. Gheibheann siad olainn ó na caoirí. Lomtar í sa tsamhraidh le siosúr mór? Diolann siad an olainn annsin do na siopadóirí. Teigheann cuid don olainn go Sasana.
Ainmhidhe an-usáideach sead an capall. Is é a dheineann an cuid is mo don obair den feirmeóir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Ní Neill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sean O Néill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Iomaire Claí Thoir, Co. na Gaillimhe