Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dealgain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 133
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí muilneoir in na chómhnaidhe in Éirinn. Do mhair sé é féin agus a bhean i bhfad. Bhíodh an muilinn ag obair i gcómhnaidhe agus rinne siad a lán airgid. Acht uair amháin chailleadar a gcuid airgead agus thosaig gach rud ag dul in a naghaidh. Ní thagfadh aon duine chuig an muilinn agus bhí saoghal an bhocht ag an muilnéor agus a bhean agus dubhairt an
muilnéor go gcaithfeadh sé an muillinn a dhíol chun biadh a cheannacht. Chuaidh an muilnéor amach maidin amháin. Thosuigh sé ag siubhal inaice srutháin inaice an mhuillinn. Chuala sé torann ins an
srutháin agus stad sé le féachaint céard a bhí ann. Annsin chonnaic sé bean áluinn ag éirghe suas as an uisge. Dinnis sé dí gach rud. "Tuigeann mé an sgéal" adeir sí " agus déanadh mé tú níos saidhbhre
ná bhí tú ariamh". Bhí an muilnéor an buidheach dhí. Chuaidh sé abhaile agus ní raibh sé bocht as sin amach.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Lorcán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Each, Co. na Gaillimhe